http://www.sweeneyclan.com  
Return To Main Page
 
 
 
Reunions

Castles

Looking For Roots

Museum

Sweeney History

Committee

Misc
 
SHORT STORIES
Tubaiste Chlann tSuibhne

le
Máirín Uí Fhearraigh

"Beidh a cuid féin ag an fharraige" mar a deir an seanfhocal agus níl dream ar bith a thuigeann an seanfhocal sin níos fearr na muintir Ghabhla.

Am iascaireacht na mbradán a bhí ann, sa bhliain 1931. Cosúil le achan fhear eile ar an bhaile, rinne Clann Éamainn Bháin Mac Suibhne an Áird, réidh ard thráthnóna agus thug siad a naghaidh ar chéidh Tráigh na mBláthann.

D'éirigh an ghaoth an tráthnóna sin agus thosaigh an fhearthainn. Bhí oíche bhocht ann agus níor chodlaigh mná an oileáin neal go maidin.

Tháinig an mhaidin, thosaigh na bádaí ag pilleadh ach nior phill "An Celtic".

Bhí triúr de chlann Éamainn Bháin ag iascaireacht ar "An Celtic" Johnny, Eddie agus Andie agus Searlaí Mór Ó Duibhir.

Thosaigh an cuartach ach ní bhfuair siad tasc no tuarisc ar "An Celtic" no ar a cheathrar iascaire a bhí ar bord. Bhí am truachanta I nGabhla, ba mhillteanach an chailliuint í ceathrar fear as Oileán beag mar Ghabhla agus go speisialta nuair gurbh as an teaghlach amhain an triúr acu.

Fá cheann cupla lá tháining scéala anoir as Na Dunaibh go dtáinig siad ar bhád. B'í "An Celtic" a bhi ann ach go dtí an lá atá inniu ann, ní bhfuair siad tásc no tuairisc ar na coirp.

Bhí a cuid féin ag an fharraige.

English Version

<< Go dti Short Stories
 
Merchandise
Click here to visit the
Sweeney Clan Shop



 

© Sweeney Clan 2003 Web Site by John Michael Sweeney